Romano Prodi

Is polaiteoir Iodálach é Romano Prodi (rugadh 9 Lúnasa, 1939 i Reggio Emilia, An Iodáil). Iar-Phríomh-Aire na hIodáile é Prodi, agus iar-Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa chomh maith. Fuair sé céim sa dlí ón ollscoil Chaitliceach i Milano agus chaith seal ina mhac léinn sa London School of Economics. Ba mar ollamh le heacnamaíocht a thosaigh sé a ghairm, agus chaith sé sealanna gearra in ollscoileanna Stanford agus Harvard. Chaith sé ocht mbliana fichead ina ollamh le hEacnamaíocht in Ollscoil Bhologna, áit a gcónaíonn sé go fóill.

Chuaigh sé le polaitíocht i lár na 1970í, agus ceapadh é ina Aire Tionsclaíochta i 1978. Bhí sé ar choimisiúin éagsúla sna 1980í agus go luath sna 1990í. Rinneadh Príomh-aire na hIodáile de i 1996, ach thit a rialtas i 1998 nuair a tharraing na Cumannaigh siar a dtacaíocht.

Bhí Romano Prodi ina Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa ó Mheán Fómhair 1999 go Samhain 2004. Ghlac sé páirt arís i bpolaitíocht Iodálacha, agus bhuaigh sé an toghchán i gcoinne Silvio Berlusconi i mí Aibreáin, 2006.

left|upright|thumb|Romano Prodi (ar an lámha dheis) le Uachtarán na Stát Aontaithe George W. Bush agus Príomhaire [[An tSualainn|na Sualainne Göran Persson ar 14 Meitheamh, 2001.]] Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 5 results of 5 for search 'Prodi, Romano', am an iarratais: 0.04s Refine Results