Georg Wilhelm Friedrich Hegel

Fealsamh Gearmánach ba ea Georg Wilhelm Friedrich Hegel (27 Lúnasa 1770 – 14 Samhain 1831) agus é ar an duine ba thábhachtaí san idéalachas Gearmánach. Meastar go bhfuil sé ar na fealsúna is bunúsaí i bhfealsúnacht nua-aimseartha an Iarthair agus tionchar aige ar ointeolaíocht, ar aeistéitic agus ar pholaitíocht.

Is an t-éacht is mó a rinne Hegel an t-idéalachas a chur in iúl ar dhóigh shainiúil, rud a dtugtar “dearbh-idéalachas” air uaireanta, cé gurb annamh a bhaineann Hegel féin feidhm as an bhfocal seo. Úsáidtear é chun déachas na hintinne agus an nádúir, na suibiachta agus na hoibiachta, agus eile, a shárú. Tugann sé síceolaíocht, an stát, ealaín, reiligiún agus fealsúnacht le chéile trí fhealsúnacht an spioraid. Is mór an tionchar a bhí aige trí dhialachtaic an mháistir agus an daoir, go háirithe sa Fhrainc sa fichiú haois.

Tá tábhacht ar leith le coincheap an spioraid (''Geist'') mar léiriú stairiúil ar choincheap loighciúil na rudaí a chuireann i gcoinne a chéile, mar dhea: samplaí de sin is ea an chontrárthacht, i gcosúlacht, idir an riachtanas agus an tsaoirse agus idir imanacht agus tarchéimnitheacht. Tá baint aige seo leis an ''Aufhebung'' nó páirtchealú, ina gcealaítear eilimint i ndialachtaic ach í a bheith caomhnaithe fós mar pháirteilimint i sintéis.

Bhí tionchar ag Hegel ar a lán smaointeoirí a bhfuil tuairimí an-difriúla acu. Maítear, mar shampla, go bhfuil an t-iarstruchtúrachas ag brath, mórán, ar a bheith in aghaidh an traidisiúin Hegelaigh. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 21 for search 'Hegel, Georg Wilhelm Friedrich 1770-1831', am an iarratais: 0.03s Refine Results