John McCarthy

B’eolaí ríomhaireachta Meiriceánach é John McCarthy (4 Meán Fómhair 1927 - 24 Deireadh Fómhair 2011) a chuir eolaíocht na ríomhaireachta chun cinn le haghaidh an dara leath den fichiú haois. B'iad John McCarthy agus Marvin Lee Minsky príomh-cheannródaithe na hintleachta saorga.

Tar éis dó dochtúireacht i matamaitic a bhaint amach ag deireadh na 1950í, chruthaigh sé teicníc na comhroinnte ama, in éineacht le Fernando Corbató, a ligeann do dhaoine éagsúla ríomhaire a úsáid ag an am céanna.

Chruthaigh sé an teanga ríomhchlárúcháin LISP sa bhliain 1958. Bronnadh an Duais Turing air i 1971 mar gheall ar a chuid oibre i réimse na hintleachta saorga.

Rugadh i mBostún Massachusetts é ar 4ú Meán Fómhair 1927. B'imirceach Éireannach é a athair John Patrick, agus b'as an Liotuáin dá mháthair Ida Glatt McCarthy, sufragóir agus sóisialaí mór le rá. Bhí ar an teaghlach bogadh timpeall go dtí go bhfuair a athair obair i Los Angeles, California. Bhí suim ag McCarthy ón am a bhí sé óg sa mhatamaitic agus mhúin sé é féin le leabhair ó Institiúid Teicneolaíochta Chalifornia (''Caltech''), áit a chláraigh sé i gcúrsa bunchéime.

Bhain sé céim amach i 1948 agus lean sé ar aghaidh lena staidéir i gCaltech go dtí gur bhain sé amach dochtúireacht i matamaitic in ollscoil Princeton i 1951. Phós sé an ríomhchláraitheoir agus sléibhteoir Vera Watson, a fuair bás i 1978 ag iarraidh mullach na sléibhe Annapurna sna Sléibhte Himiléithe a dhreapadh. Bhunaigh sé Saotharlann Intleachta Shaorga in ollscoil Stanford i 1962, áit ar lean sé ar aghaidh mar ollamh go dtí gur éirigh sé as in 2000. Bhí ról lárnach aige chomh maith sa néalríomhaireacht. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 21 - 37 results of 37 for search 'McCarthy, John,', am an iarratais: 0.07s Refine Results




24
Participants: Alt, Peter-André, [ TeilnehmendeR ]; Lepper, Marcel, [ TeilnehmendeR ]
Foilsithe: [2017]
Superior document: Title is part of eBook package: De Gruyter EBOOK PACKAGE COMPLETE 2017
...McCarthy, John A. --...
Links: Faigh an téacs iomlán; Cover